CÁILÍOCHTAÍ SPIORADÁLTA (#13820)

Cruthaigh ionam croí íonghlan, a Thiarna, agus déan coinsias suaimhneach a athnuachan ionam, a Dhia mo dhóchais. Trí spiorad do chumhachta déan daingean i do chúis mé, a Dhia, m’ansacht, agus le solas do ghlóire déan do chosán a nochtadh dom, a mhian mo chroí! Trí neart do chumhachta tarchéimniúla tóg suas mé go neamh do naofachta, a Dhia, a Fhoinse mo bheatha, agus le leoithní do shíoraíochta cuir lúcháir orm, a Neach atá i do Dhia agam! Go gcuire séiseanna  do shíoraíochta anáil na sáimhe orm, a Dhia, mo chompánach; go ndéana ionnús do ghnúise ársa mé a fhuascailt ón uile ní ach tú, a Mháistir, agus go gcuire scéala thaispeánadh do bheatha dothruaillithe áthas orm, a Dhia ar tú an té is follasaí ar an dream atá follasach agus, ar an dream atá folaithe, ar tú an té is folaithe.

-Bahá'u'lláh
-----------------------

CÁILÍOCHTAÍ SPIORADÁLTA (#13821)

A Thiarna! bíodh d’áilleacht mar bhia dom agus do láthair mar mo dheoch. Déan do dhea-thoil mar dhóchas dom agus do mholadh mar mo ghníomh; bíodh mo chuimhne ort mar mo chompánach agus cumhacht do cheannais ina fóirithint agam, d’áitreabh ina bhaile dúchais agam, agus déan mar áit chónaí dom an suíochán atá coisricthe agat ar na heaspaí a bhaineann leo siúd atá dúnta amach uait faoi mar a bheadh fial eadraibh. 
Is tú, go deimhin, an tUile-Chumhachtach, an tUile-Ghlórmhar, an Ró-Neartmhar.

-Bahá'u'lláh
-----------------------

CÁILÍOCHTAÍ SPIORADÁLTA (#13822)

A Dhia, ar tú Dia na féile agus na trócaire! is tú an Rí úd ar faoi bhriathar a aithne a tugadh chun beatha an chruthaitheacht go léir; agus is tú an Té Uile-Fhlaithiúil nár chuir gníomhartha a chuid seirbhíseach de bhac air riamh a ghrásta a thaispeáint uaidh, ná nár choisc air a chuid féile a nochtadh. 
Ceadaigh don seirbhíseach seo, achainím ort, an ní úd a bhaint amach atá ina údar slánaithe aige in gach saol de do shaolta. Is tú go deimhin, an tUile-Chumhachtach, an Ró-Neartmhar, an tUile-Fheasach, an tUile-Chríonna.

-Bahá'u'lláh
-----------------------

CÁILÍOCHTAÍ SPIORADÁLTA (#13823)

A Dhia! cuir lúcháir ar mo spiorad agus déan é a athnuachan. Déan mo chroí a íonghlanadh agus mo chuid cumhachtaí a shoilsiú! Cuirim mo ghnóthaí go léir faoi réir do láimhe. Is tú mo threoraí agus m’áit dídine. Ní bheidh cumha ná buaireamh orm feasta; duine sásta, lánáthasach a bheidh ionam. A Dhia! ní bheidh mé faoi mhórimní feasta ná ní ligfidh mé do thrioblóid goilleadh orm. Ní bheidh mé ag meabhrú ar nithe míthaitneamhacha an tsaoil. 
A Dhia, ar mó de chara agam tú ná mise féin, tiomnaím mé féin duitse, a Thiarna.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

CÁILÍOCHTAÍ SPIORADÁLTA (#13824)

A Dhia, a Sholáthraí! chuir tú le d’anáil thar chreidmhigh an Iarthair boladh cumhra an Spioraid Naoimh, agus le solas na treorach diaga shoilsigh tú spéir an domhain thiar. Thug tú orthu siúd i bhí i bhfad i gcéin uait druidim i ngaireacht duit; rinne tú cairde ceanúla de strainséirí; mhúscail tú an dream a bhí ina gcodladh; agus thug ar lucht na neamhairde a bheith aireach. 
A Dhia, a Sholáthraí! Cuidigh leis na creidmhigh uaisle seo do dhea-thoil a bhaint amach agus déan díobh lucht páirte an strainséara agus an charad mar an gcéanna. Deonaigh go seolfar isteach iad sa saol úd a mhaireann go brách; deonaigh dóibh a gcuid féin den ghrásta neamhaí; déan Bahá’ithe fíora díobh, ar de Dhia ó cheart iad; sábháil iad ar an gcuma bhréagach lasmuigh a theacht orthu agus bunaigh go daingean i d’fhírinne iad. Déan díobh comharthaí agus samhaltais ar do ríocht, réalta lonracha os cionn bun spéire an tsaoil laistíos. Déan díobh ábhar faoisimh agus sóláis don chine daonna agus seirbhísigh do shíocháin an domhain. Cuir lúcháir orthu le fíon do chomhairle, agus deonaigh go siúlfaidh siad go léir i gcosán d’aitheanta. 
A Dhia, a Sholáthraí! Is í an mhian is ansa le seirbhíseach seo do thairsí creidmhigh an Oirthir agus an Iarthair a fheiceáil ag breith barróg ar a chéile go dúthrachtach; gach ball den tsochaí dhaonna a fheiceáil bailithe le chéile go grámhar san aon chruinniú amháin, faoi mar a dhéantar deora an uisce a thabhairt le chéile san aon fharraige amháin; féachaint orthu mar éin i rósarnach amháin, mar phéarlaí de chuid aigéin amháin, mar dhuilleoga aon chrainn amháin, mar ghathanna ón aon ghrian amháin. 
Is tusa an Tréan, an Cumhachtach, agus is tusa Dia an nirt, an tUile-Chumhachtach, an tUileBhreathnaitheach!

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

